leis an iarta, agus na geasa cruaḋa orm gan cor- ruiġe as an áit seo."
"Osgail, osgail, a ṫuaġ!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟéadfainn é,” arsa’n tuaġ. “Táim anso am’ áit féin, agus mo ḃéal sáiḋte san aḋmad, agus na geasa cruaḋa orm gan corruiġe as an ait ’n-a ḃfuilim."
"Osgail, osgail, a ċeirṫlín!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟédfainn é,” arsa’n ċeirṫlín. “Táim anso san áit ’n-ar ḟágais mé, agus na geasa cruaḋa orm gan corruiġe as go dtógfar díom na geasa úd a ċuiris féin orm nuair a ċaiṫis uait mé."
"Osgail, osgail, a roṫ an turainn!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟéadfainn é,” arsa roṫ an turainn. “Tá an tsrang orm, agus ní féidir dom corruiġe gan cead ó’n sraing."
"Osgail, osgail, a ṡrang!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟéadfainn é” arsa’n tsrang. “Táim ar an roṫ, agus ní féidir dom a ḋéanaṁ aċ an tromán do ċasaḋ."
"Osgail , osgail, a ṫromán!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟéadfainn é,” arsa’n tromán. “Tá na geasa cruaḋa orm gan a ḋéaaṁ aċ an ḟearsad so do ċasaḋ."
Ċomáineadar leó ar an gcuma san ag glaoḋaċ ar na neiṫiḃ a ḃí istiġ, agus ’á iarraiḋ ar gaċ níḋ ḋíoḃ an dorus a ḋ’osgailt dóiḃ, aċ do ṫeip gaċ aon rud orṫa, mar ḃí aċ aon rud fé ġeasaiḃ i n’áit féin. Fé ḋeire