Ach bhí sé sin breá inchreidte do Lenehan; chlaon sé a cheann go sollúnta.
“Aithním an scéal sin,” a deir sé, ‘agus is é ealaín an mhothaolaí é.”
“Agus diabhal rud a fuaireas riamh dá bharr as,” ar Corley.
“Is é a dhála sin agamsa é,” ar Lenehan.
“Ach amháin as cailín amháin díobh,” ar Corley
Chuimil a theanga dá bhéal uachtair, dá fhliuchadh. Tháinig loinnir ina shúile leis an chuimhne. Faoi mar a rinne Lenehan, bhreathnaigh seisean ar éadan lag na gealaí, a bhí anois beagnach faoi choim scamaill, agus déarfá go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh.
“Bhí sí... sách blasta,” a dúirt sé go haiféalach.
Ní raibh focal eile as. Ansin dúirt sé:
“Tá sí ag díol í féin ar a cuid anois. Chonaiceas ag dul síos Sráid an Iarla ar chóiste in éinfheacht le beirt dhiúlach oíche amháin.”
‘Is dóigh liom gur tusa is cúis leis sin,’ ar Lenehan.
‘Bhí sí le fir eile sula rabhasa léi,’ ar Corley go fealsúnach.
An uair seo, ba luaithe a chreidfeadh Lenehan nach raibh sé ag insint na fírinne. Chroith sé a cheann anonn is anall agus rinne aoibh an gháire.
“Ní thig leat an dallamullóg a chur ormsa, Corley,” a deir sé.
“Tugaim an leabhar ann!” ar Corley. “Nach é a béal féin a dúirt liom é?”
Chuir Lenehan gotha na tragóide air féin.
“A fhealltóir suarach!” a dúirt sé.
Agus iad ag siúl le taobh ráillí Choláiste na Tríonóide, léim Lenehan amach ar an bhóthar agus ghlinnigh suas ar an chlog.