Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/68

From Wikisource
This page has been proofread.

“Fiche i ndiaidh,” a deir sé.

“Am trátha,” ar Corley. “Beidh sí ann, ceart go leor. Ligim dí fanacht píosa i gcónaí.”

Rinne Lenehan gáire ciúin.

“Muise, Corley, agatsa atá a fhios cén chaoi iad a láimhseáil,” a dúirt sé.

“Táim críonna ar a gcleasanna beaga uile,” a d’admhaigh Corley.

“Ach abair liom,” a dúirt Lenehan arís, “an bhfuil tú cinnte go bhféadfaidh tú cur i gcrích an bhirt ar fad. Tá a fhios agat gur bheart íogair é. Táid damanta dúnta faoin ghné sin. Hah?”

Bhreathnaigh a shúile beaga glice go grinn ar ghnúis a chompánaigh, ar thóir dearbhaithe. Luasc Corley a cheann anonn is anall mar a bheadh sé ag iarraidh fáil réidh le feithid dígeanta, agus tháinig muc ar gach mala aige.

“Cuirfead i gcrích é,” a deir sé. “Fág fúmsa, nach dtig leat sin a dhéanamh?”

Thost Lenehan. Níor mhaith leis cur círín ar a chara, go bhfógrófaí go dtigh an diabhail agus go ndéarfaí leis nach raibh iarraidh ar bith ar a chomhairle. Bhí call le beagán stuaime. Ach d’imigh na roic as éadan an Toirdhealbhaigh. Bhí a chuid smaointe ag rith i dtreo eile.

“Is raiteog dheas mhánla í,” a deir sé le sásamh; “gan aon agó.”

Shiúladar síos Sráid Nassau agus ansin chasadar isteach ar Shráid Chill Dara. Gar do phóirsí an chlub, bhí cláirseoir ina sheasamh i lár an bhóthair, agus é ag seinm d’fháinne beag éisteoirí. Tharraing sé go neamh-aireach ar na sreanga agus chaith súil luaineach ó am go ham ar aghaidh gach duine nua a tháinig i láthair agus