an ghealach mhór fhann le dhá lios uirthi. Bhreathnaigh sé go staidéarach ar imeacht ghréasán liath clapsholais thar a haghaidh. Faoi dheireadh, dúirt sé:
“Sea, abair liom, is dóigh liom go dtiocfaidh leat cur i gcrích an bhirt, nach dtiocfaidh, há?”
D’fháisc Corley súil amháin go tromchúiseach mar fhreagra.
“An bhfuil sé sin de misneach aici?’, a d’fhiafraigh Lenehan go hamhrasach, ‘is doiléir é meon mná’”
“Tá sí ceart go leor. Tá a fhios agam cén chaoi teacht laistigh dhi. Tá sí faoi gheasaibh agam.”
“Ní chuirfinn de chosúlacht leat ach Lothario aerach, ar Lenihan. ‘Agus an cineál ceart Lotáirió freisin!”
A dhóigh thláithíneach, maolaíodh í le oiread na fríde d’fhonóid. Mar chosaint air féin, ba é a nós ligean chiall an chleithmhagaidh lena phlámás. Níor ghrinn éirim an Toirdhealbhaigh áfach.
“Is iad na cailíní aimsire na mná is fearr,” a d’aontaigh sé. “Glac le mo chomhairlese faoi.”
“Is é comhairle an duine a bhain triall as na cailíní ar fad é,” a deir Lenehan.
“Ar dtús, bhínn ag siúl amach le cailíní, an bhfuil a fhios agat, anabaí; le cailíní as an Chuarbhóthar Theas. Thugainn amach áit éigean ar an tram iad, a bhuachaill, nó thionlacainn chuig banna ceoil nó chuig dráma san amharclann nó cheannaínn seacláidí agus milseáin nó rud éigean ar an chaoi sin dóibh. Chaithinn airgead orthu ceart go leor,” a dúirt de ghlór diongbháilte mar aguisín, mar a bheadh faitíos air nach gcreidfí é.