Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/56

From Wikisource
This page has been proofread.

mar fhreagra ar an chomhghairdeas ciotach a rinne Jimmy trína fhiacla, rinne an tiománaí meangadh gáire leis a nocht líne fiacla geala in aghaidh de dhath crón. Tar éis na honóra sin, bhí sé go breá filleadh ar shaol coitianta an lucht féachana, agus daoine ag tabhairt uillinne dá chéile agus ag breathnú air. Ansin maidir leis an airgead, is cinnte go raibh suim mhór ar a sheilbh. B’fhéidir nach measadh Ségoin gur shuim mhór airgid í, ach, i gcás Jimmy, in ainneoin na mbotún a rinne sé ar feadh scaithimh, sa deireadh thiar thug seisean an stuaim ó dhúchas agus thuig go maith an dua a caitheadh le bailiú an airgid seo. Choinnigh a fhios seo a bhillí taobh istigh de theorann na meargántachta réasúnta roimhe sin ina shaol agus, má bhí beann aige ar an dua a chaitear le saothrú airgid nuair nach raibh i gceist ach cor bua na hintleachta thar mar is gnách, is amhlaidh is mó a bhí a bheann aige air anois ó bhí sé ar tí an chuid is mó dá shlí bheatha a chur i ngeall. Ba mhór an rud dó é.

Ar ndóigh, ba thairbheach an infheistíocht é agus d’éirigh le Ségouin tabhairt le tuiscint gurbh ar mhaithe le gar a dhéanamh dá chara a chuirfí an lear mór airgid Éireannaigh leis an chaipiteal eile sa tionscnamh. Bhí meas ag Jimmy ar chríonnacht a athair i gcúrsaí gnó agus sa chás seo ba é a athair ba luaithe a mhol an fuilleamh; bhí airgead le déanamh as tionscadal na ngluaisteán – carn airgid. Ina theannta sin, bhí cosúlacht so-aitheanta an tsaibhris ar Ségouin. Chuaigh Jimmy ar a mharana faoin charr uasal inar shuigh sé a mheasadh a luacha i laethanta oibre. A éasca a rith an t-inneall. A ghalánta a ghluaiseadar chun cinn ar na bóithrí caola faoin tuath! Leag an turas méar dhraíochtúil ar chuisle