agus thug abhaile é. Ba in Cambridge a bhuail sé le Ségouin. In ainneoin nach rabhadar an-mhór lena chéile go fóill, bhain Jimmy an-sult as comhluadar duine a raibh an oiread sin den domhain feicthe aige agus a raibh sé de cháil air gur leisean cúpla ceann de na hóstáin ba mhó sa Fhrainc de réir tuairisce. B’fhiú go mór é aithne ar a leithéid de dhuine (rud faoinar aontaigh a athair leis), go fiú amháin mura mbeadh sé chomh taitneamhach mar chompánach is a bhí. Bhí Villona taitneamhach freisin – pianódóir den scoth ab é – ach, faraor, bhí sé an-bhocht.
Lasc an carr chun cinn go meidhreach lena lucht fear óg scléipeach. Bhí an bheirt chol ceathracha ina suí chun tosaigh; bhí Jimmy agus a chara Ungárach sa tsuíochán cúil. Go deimhin, bhí Villona ar bharr na gaoithe; choinnigh sé drantán toll ceoil ar siúl ar feadh na mílte den bhealach. Roinn na Francaigh a ngáire agus a bhfocail chiúin thar a ngualainn leis an bheirt laistiar díobh agus b’éigean do Jimmy cromadh chun tosaigh go minic d’fhonn chloisteáil na habairte praise i gceart. Ní raibh mórán pléisiúr ag Jimmy ann i ndáiríre, mar b’éigean dó an chiall a thomhas go haclaí agus freagra feiliúnach a screadadh ar ais in aghaidh gaoithe móire. Ar aon nós, chuirfeadh crónán Villona mearbhall ar dhuine ar bith; torann an chairr freisin.
Cuireann luas lasrach giodam ar dhuine; déanann cáil amhlaidh; fearacht mar a dhéanas seilbh airgid. Ba trí chúis giodaim iad seo ag Jimmy. Chonaic go leor dá chairde é i gcuideachta na nEorpach seo. Chuir Ségouin in aithne do dhuine de na hiomaitheoirí Francacha ag an cheann sprice, agus,