Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/57

From Wikisource
This page has been proofread.

an tsaoil agus chuaigh córas néaróga daonna i ngleic go curata le pocléimeanna an ainmhí ghorm scafánta.

Thiomáineadar síos Sráid an Dáma. Bhí an tsráid trangláilte le trácht neamhchoitianta, bhí sí callánach le bonnáin thiománaithe cairr agus le cloig thiománaithe tram mífhoighneacha. Tharraing Ségouin isteach gar don bhanc agus chuaigh Jimmy agus a chara amach. Chruinnigh dornán daoine ar an chosán a bhreathnú le haoibhneas ar an mhótar cumhachtach. Bhí sé socruithe go gcaithfeadh an comhluadar dinnéar le chéile an oíche sin in óstán Ségouin, agus, idir an dá linn, go dtéadh Jimmy agus a chara, a bhí ag fanacht leis, go dtéidís abhaile le haghaidh athrú éadaigh. Tharraing an carr amach go mall ar a bhealach go Sráid Grafton agus bhrúigh an bheirt fhear tríd an dornán lucht féachana. Shiúladar ó thuaidh faoi sholas fann na lampaí sráide san oíche bhrothallach samhraidh, agus díomá nó cumha éigean orthu faoin tsocrú.


I dtigh Jimmy, dúradh gurbh ócáid mhór le rá é an dinnéar seo. Bhí mórtas áirithe a mhuintire fite fuaite le faitíos; díocas éigean chun meargántachta freisin, mar go bhfuil bua na meargántachta seo ag ainmneacha cathracha móra eachtrannacha ar a laghad. Anuas ar sin, bhí Jimmy gléasta go galánta. Sheas sé sa halla ag socrú shnaidhm a charbhait. Bhí a athair sásta – b’fhéidir gur shástacht ó thaobh chúrsaí tráchtála a bhí ann go fiú, mar gheall ar cháilíochtaí a bhain sé amach dá mhac nach minic atá ceannach orthu. Bhí a athair cairdiúil murab ionann is riamh le Villona dá dheasca sin, agus bhí meas dáiríre ar bhuanna ón choigríoch le sonrú ar a iompar. Ní dócha gur thug an t-Ungárach,