Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Sliabh i dTeinneas
48.—AN SLIAḂ I DTEINNEAS.
Ḃí sliaḃ i dtír éigin iasaċta agus d’ airig na daoíne, lá, foṫram agus búirṫeaċ uaṫḃásaċ ag teaċt as, agus é d’á luasgaḋ agus d’á lúbaḋ mar ḃéaḋ rud go mbeaḋ pian air.
D’ ruiṫeadar na daoíne go léir féuċaint cad a ḃí ag imṫeaċt ar an sliaḃ nó cad fé ndeár an t-éirleaċ. Do ḃuail aoḋre úmpa agus é ag teaċt ó’n sliaḃ. ”Cad fé ndeár an t-éirleaċ?” ar siad, ”nó cad ’tá ar an sliaḃ?” ”Tá teinneas ar an sliaḃ,” ar seisean, agus d’ imṫiġ sé.
D’ ḟanadar-san ag féuċaint ar an luasgaḋ agus ag éisteaċt leis an mbúirṫeaċ.
Ar ball do léim luċ amaċ a’ poll a ḃí i dtaoḃ an ċnuic agus do stad an ċaismirt.
“Oċ ón!” arsa cáċ. ”Foṫram mór ar ḃeagán cúise!”
An Múineaḋ.
Ná déin ”mórán cainte ar ḃeagán cúise.”
Ná bíoḋ ”deataċ mór as droċ ṫeine” agat.
Ná bíoḋ ”an focal mór agus an gníoṁ beag” agat.
Ná bíoḋ glór leóin agus croíḋe loin agat.