Jump to content

Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/38

From Wikisource
This page has been proofread.

36

48.—AN SLIAḂ I DTEINNEAS.


Ḃí sliaḃ i dtír éigin iasaċta agus d’ airig na daoíne, lá, foṫram agus búirṫeaċ uaṫḃásaċ ag teaċt as, agus é d’á luasgaḋ agus d’á lúbaḋ mar ḃéaḋ rud go mbeaḋ pian air.

D’ ruiṫeadar na daoíne go léir féuċaint cad a ḃí ag imṫeaċt ar an sliaḃ nó cad fé ndeár an t-éirleaċ. Do ḃuail aoḋre úmpa agus é ag teaċt ó’n sliaḃ. ”Cad fé ndeár an t-éirleaċ?” ar siad, ”nó cad ’tá ar an sliaḃ?” ”Tá teinneas ar an sliaḃ,” ar seisean, agus d’ imṫiġ sé.

D’ ḟanadar-san ag féuċaint ar an luasgaḋ agus ag éisteaċt leis an mbúirṫeaċ.

Ar ball do léim luċ amaċ a’ poll a ḃí i dtaoḃ an ċnuic agus do stad an ċaismirt.

“Oċ ón!” arsa cáċ. ”Foṫram mór ar ḃeagán cúise!”

An Múineaḋ.

Ná déin ”mórán cainte ar ḃeagán cúise.”

Ná bíoḋ ”deataċ mór as droċ ṫeine” agat.

Ná bíoḋ ”an focal mór agus an gníoṁ beag” agat.

Ná bíoḋ glór leóin agus croíḋe loin agat.



49.—AN DÓRNÁN SLAT.


Ḃí fear ann agus ḃí cúigear nó seisear mac aige agus ḃídís coitċianta ag bruíġean agus ag aċran agus ag troid le ċéile, i dtreó go raiḃ an duine boċt ciapaiṫe acu.

Ġlaoiḋ sé ċuige orṫa lá agus ṫaisbeáin sé dórnán slat dóiḃ agus é ceangailte le gad. Dúḃairt sé leó, an t-é ḟéadfaḋ an dórnán do ḃriseaḋ ’na ḋá leaṫ treasna, go ḃfágfaḋ sé a ċuid aige, ag dul ċum báis dó.

Do rug duine acu ar an ndórnán. Do lúb sé é agus do ċas sé é, aċt do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do rug duine eile acu air agus ċuir sé ar a ġlúin ċuige é, agus do lúb sé é, aċt do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do rug an tríṁaḋ duine air agus ċuir sé fé n-a ċois ar an dtalaṁ é, aċt má ċuir do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do ṫeip sé orṫa go léir.

Ansan do rug an t-aṫair ar an ndórnán agus do sgur sé an gad agus do ḃris sé gaċ slat fé leiṫ.

“Féuċ, a ċlann ó,” ar seisean. ”Is cuma siḃ+se nó an dórnán slat san. An ḟaid a ḃí an gad ar an ndórnán agus na slata dlúite ar aċéile níor ḃ’ḟéidir iad do ḃriseaḋ. Aċt nuair