Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Dórnán Slat
49.—AN DÓRNÁN SLAT.
Ḃí fear ann agus ḃí cúigear nó seisear mac aige agus ḃídís coitċianta ag bruíġean agus ag aċran agus ag troid le ċéile, i dtreó go raiḃ an duine boċt ciapaiṫe acu.
Ġlaoiḋ sé ċuige orṫa lá agus ṫaisbeáin sé dórnán slat dóiḃ agus é ceangailte le gad. Dúḃairt sé leó, an t-é ḟéadfaḋ an dórnán do ḃriseaḋ ’na ḋá leaṫ treasna, go ḃfágfaḋ sé a ċuid aige, ag dul ċum báis dó.
Do rug duine acu ar an ndórnán. Do lúb sé é agus do ċas sé é, aċt do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do rug duine eile acu air agus ċuir sé ar a ġlúin ċuige é, agus do lúb sé é, aċt do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do rug an tríṁaḋ duine air agus ċuir sé fé n-a ċois ar an dtalaṁ é, aċt má ċuir do ṫeip air é ḃriseaḋ. Do ṫeip sé orṫa go léir.
Ansan do rug an t-aṫair ar an ndórnán agus do sgur sé an gad agus do ḃris sé gaċ slat fé leiṫ.
“Féuċ, a ċlann ó,” ar seisean. ”Is cuma siḃ+se nó an dórnán slat san. An ḟaid a ḃí an gad ar an ndórnán agus na slata dlúite ar aċéile níor ḃ’ḟéidir iad do ḃriseaḋ. Aċt nuair [ 37 ]a sguraḋ an gad agus do sgaraḋ na slata le n-a ċéile ní raiḃ aon ḃac ar aoinne iad do ḃriseaḋ ’na gceann a’s ’na gceann. Siné an úḋálta agaiḃse. An ḟaid a ċuirfiḋ siḃ le ċéile ní ḟéadfaiḋ aoinne an láṁ uaċtair d’ ḟáġail oraiḃ, aċt má ṫagan fuaṫ agus mioscais eadraiḃ, agus má ṫugan siḃ druím láṁa le n-a ċéile, ġeaḃfar an láṁ uaċtair láiṫreaċ oraiḃ.”
An Múineaḋ.
“Is maol-ḋualga gan ḃráṫair, aċt is mairg a ḃíon gan dearḃráṫair.”