Jump to content

Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Cromán agus na Colúra

From Wikisource
181914Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Cromán agus na ColúraPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 19 ]

24.—AN CROMÁN AGUS NA COLÚRA.


Cromán a ḃí ar feaḋ aḃfad ag imṫeaċt anonn ’s anall agus mórṫímpal sa n-aér, os cionn tíġe na gcolúr, agus giḋ gur ṁinic a ḃí foġaḋ santaċ aige ḋ’á ṫaḃairt fé ċeann acu, ḃíodar ró ċliste ḋó agus do ṫeip air breiṫ ar aon ċeann acu.

Fé ḋeire do ċuíṁniġ sé ar ṡeift. Ṫáinig sé agus do laḃair sé leó.

“A ċolúra,” ar seisean, “is eagal liom go ḃfuil droċ iontaíḃ éigin agaiḃ asamsa. Má’s fíor é is mór an dearṁad atá oraiḃ. Ní’l uaimse aċt an tairḃe is mó ḟéadfainn, do ḋéanaṁ daoíḃ. Ní’l am baint de’n tsaoġal aċt gan coimeád agus cosnaṁ feiḋmeaṁail do ḃeiṫ ar ċóir agus ar ċeart ḃúr sínsear agaiḃ. Dá mb’ áil liḃ ríġ ḋéanaṁ díomsa agus mé ġlacaḋ i nḃúr measg níor ġáḋ ḋaoíḃ ċoíḋċe eagla naṁad istig ná amuiċ do ḃeiṫ oraiḃ. Dá dtiġeaḋ fiolar nó seaḃac, faolċú [ 20 ]nó mada ruaḋ, áraċt aeir nó olṗiast talṁan, ag cur isteaċ oraiḃ, mise do ṫroidfaḋ iad, agus d’ imreóċaḋ bás le gob a’s le h-ingniḃ orṫa, nó ṫaḃarfaḋ a leiṫéid sin de sgeiṁle agus d’anfa ḋoiḃ, ’ġá ruagaḋ agus ’ġá ndíbirt, nár ḃaoġal go ḃfíllfidís.”

Ṫuigeadar na colúra gur ḃreáġ go léir an sgéal dóiḃ ríġ de’n tsórd san do ḃeiṫ os a gcionn agus gur acu ḃéaḋ an saoġal sáṁ fé n-a ċumas agus fé n-a ċosnaṁ agus ar a sgáṫ.

Ġlacadar ’n-a ríġ os a gcionn é. B’éigean dó a ḋearḃúġaḋ go daingion go mbeaḋ sé ’n-a ríġ ċóir ċoṫrom orṫa, agus ḋearḃuíġeadar-san ḃeiṫ dílis dúrṫaċtaċ dó-san.

Ba ġearr go ḃfeacadar níḋ a ċuir iongna orṫa. Os a gcóṁair amaċ, gan blúire iongna ’na ṫaoḃ air, do rug sé ar ċolúr acu agus do ṁairḃ agus d’iṫ! D’ḟeuċadar ar a ċéile agus d’ḟeuċadar air-sean. Níor ċuir sé suím ar biṫ ionta. Ar ball dúḃairt sé go neaṁṫuairimeaċ, ná raiḃ ann aċt a ḋualgas ríġ ḋó, colúr do ṁarḃaḋ anois agus airís nuair ḃéaḋ mian feóla air. Ċuir sé ’na luiġe ar a ċlainn gur sroiċ an dualgas céadna iadsan. Ansan iseaḋ ṫuigeadar na colúra gur ḋeineadar dearṁad. Aċt ḃí sé fuar acu ḃeiṫ ’ġá ṫuigsint an uair sin. Níor ṫuigeadar i n-am é.

An Múineaḋ.

Ná glac duine ċoíḋċe ar a ṫuairisg féin.

“Ní h-aiṫeantas go h-aontíġeas.”