20
nó mada ruaḋ, áraċt aeir nó olṗiast talṁan, ag cur isteaċ oraiḃ, mise do ṫroidfaḋ iad, agus d’ imreóċaḋ bás le gob a’s le h-ingniḃ orṫa, nó ṫaḃarfaḋ a leiṫéid sin de sgeiṁle agus d’anfa ḋoiḃ, ’ġá ruagaḋ agus ’ġá ndíbirt, nár ḃaoġal go ḃfíllfidís.”
Ṫuigeadar na colúra gur ḃreáġ go léir an sgéal dóiḃ ríġ de’n tsórd san do ḃeiṫ os a gcionn agus gur acu ḃéaḋ an saoġal sáṁ fé n-a ċumas agus fé n-a ċosnaṁ agus ar a sgáṫ.
Ġlacadar ’n-a ríġ os a gcionn é. B’éigean dó a ḋearḃúġaḋ go daingion go mbeaḋ sé ’n-a ríġ ċóir ċoṫrom orṫa, agus ḋearḃuíġeadar-san ḃeiṫ dílis dúrṫaċtaċ dó-san.
Ba ġearr go ḃfeacadar níḋ a ċuir iongna orṫa. Os a gcóṁair amaċ, gan blúire iongna ’na ṫaoḃ air, do rug sé ar ċolúr acu agus do ṁairḃ agus d’iṫ! D’ḟeuċadar ar a ċéile agus d’ḟeuċadar air-sean. Níor ċuir sé suím ar biṫ ionta. Ar ball dúḃairt sé go neaṁṫuairimeaċ, ná raiḃ ann aċt a ḋualgas ríġ ḋó, colúr do ṁarḃaḋ anois agus airís nuair ḃéaḋ mian feóla air. Ċuir sé ’na luiġe ar a ċlainn gur sroiċ an dualgas céadna iadsan. Ansan iseaḋ ṫuigeadar na colúra gur ḋeineadar dearṁad. Aċt ḃí sé fuar acu ḃeiṫ ’ġá ṫuigsint an uair sin. Níor ṫuigeadar i n-am é.
An Múineaḋ.
Ná glac duine ċoíḋċe ar a ṫuairisg féin.
“Ní h-aiṫeantas go h-aontíġeas.”
25.—IUPITER AGUS AN ḂEAĊ.
Ṫug beaċ taḃarṫas do Iupiter, .i. raint meala ’na criaṫar. Ḃí sé ċóṁ buiḋeaċ san di go ndúḃairt sé léi a roġa aisce d’iaraiḋ air agus go raiḃ sé le fáġail aici. D’iar sí air, an t-é go gcuirfaḋ sí cealg ann go mba ṫrúig ḃáis dó é. Ba ḋeacair leis-sin an aisce sin do ṫaḃairt do ṗéistín ċóṁ mioscaiseaċ, gan cosg éigin do ċur léi ann. “Tá do ṁian agat,” ar seisean, “aċt seaċain! Beiḋ sé ’na ṫrúig ḃáis agat féin leis, mar fágfair an ċealg.”
An Múineaḋ.
Is olc í an ṁioscais. Ar nós na ceilge agus na beiċe, is pian í do’n t-é ar a n-imeartar í agus is bás í do’n t-é imrean í; .i. bás an ṗeacaḋ ṁairḃ.
“Tiġean an ḃréag tímpal.” Fillean an ṁailís sa ċúl uirṫi féin.
An ḟaid a ċruinníġean an ḃeaċ mil bíon an raṫ uirṫi. Ní túisge ṫiomáinean sí an ċealg ’ná ’tá deire léi.