Jump to content

Page:Seadna.djvu/291

From Wikisource
This page has been proofread.

An fhaid a bhí an slabhra teine ag sleamhnughadh síos tríd an dtalamh do mhothuigh Séadna mar a bhéadh fionachrith ’na chroicean agus mar a bhéadh luasgadh fola ’na bhallaibh beatha agus ’na cholainn agus suas ’na cheann.

“Moladh le Rígh na naomh!” ar seisean.

Bhí a cheann i rachtaibh sgolta le teinneas. Do bhailigh sé leis, chómh maith agus d’ fhéad sé é, go dtí an áit ’na raibh a leabaidh, agus shín sé inti. Bhí sé gan aithne gan úrlabhra láithreach.