chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint dé agus do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn rígh do bheith againn, agus a lucht airm ’na thímpal, mura bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhitheamhnachaibh?’ ar sise. ‘Is i n-ainim an rígh do rugadh mo chuid uaim,’ ar sise, ‘agus ní rachaidh sé gan innsint dó. Ní’l ionam ach anam aoinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbéadh anam agus fiche ionam d’imireóchainn leis siúd iad níos túisge ná a leigfinn i n-aisge leis an bheart chaillte do dhéin sé. Sloigfidh an talamh é nó tiocfad-sa suas leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead cathúghadh air nár sgaoil sé thairis mé. Is i n-ainim an rígh do rug sé mo chuid uaim. Is ó’n rígh atá sásamh le fághail agam, nó ní rígh é. Má creachadh mé i n-ainim an rígh nach é is lúgha is gann do’n rígh cead agus congnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbitheamhnach d’leanmhaint agus d’fhiadhach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse i n-Éirinn gan cuardach dó. Beir i láthair an rígh mé,’ ar sise. ‘Beir i láthair an rígh mé nó rachad féin ’na láthair ar shlígh éigin.’
“B’éigean do Chormac a slígh féin do thabhairt di. Ní dóich liom go raibh aon chur ’na choinnibh aige. Bhí sé ag tarang uisge chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí a fhios aige pé duine bhéarfadh ar an mbitheamhnach agus thabharfadh chun lámha é go mbéadh a thuarasdal dó go maith as. Agus bhí a fhios aige ná féadfadh aoinne congnamh níob’ fhearr do bheith aige chun na h-oibre ’ná congnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug sé cead a cinn di.
“‘Béarfad-sa i láthair an rígh thú,’ ar seisean, ‘ach seachain agus ná déin aon rud a chuirfeadh i bpúnc mé. Is minic d’airighis an sean-fhocal, “Ní h-ionan dul go tigh an rígh agus teacht as;” agus, “gur