“’Gcloistí!” arsa Diarmuid.
“Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa Pádraig. “Ó’n lá do rugadh mé níor airigheas a leithéid d’eachtra. Bhí a fhios ag Cormac Sadhbh do bheith imthighthe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí a fhios aige í bheith ’na cuis agus bíodh go raibh sí raint aimsire ar an mbóthar sul ar ghluais sé, cheap sé nár bhaoghal ’ná go dtiocfadh sé suas léi sul a sroisfeadh sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisg’ agus ag tabhairt a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh abhfad, agus mar sin do choimeád sé ar feadh abhfad an bóthar do lean sise agus ba bheag ná go raibh a fhios aige cad é an fhaid roimis amach a bhí sí. Fé dheire do cuireadh i n-iúil dó gur ghaibh sí dhá bhóthar. Chuir san amúgh’ é, agus isé rud a dhéin sé ansan ’ná déanamh ceann ar aghaidh ar an gcathair. Bhí a fhios aige go mbéadh sé sa chathair roímpi, agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne mhaith ag muíntir an righ air. Chuir sé lucht airm amach láithreach ar na bóithribh a-ndeas, agus thug sé cómharthaí Shadhbh dóibh. Ba ghearr go bhfeacadar ag teacht í, ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Chuireadar iad féin i n-iúil di, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruinn di. Dubhradar léi gur bh’é Cormac Báille do chuir fé n-a déin iad agus ‘d’á chómhartha san féin’ gur bh’í Pails bhodhar an t-aoinne amháin a chonaic í ag fágáilt an bhaile. Shásaimh san í.
“Nuair fhiafraigh Cormac di cad a thug í, dúbhairt sí leis gur theastaigh uaithi dul chun cainte leis an rígh agus go gcaithfeadh sí ceart d’fhághail uaidh.
“‘Cad ’tá ag an rígh le déanamh dhuit?’ arsa Cormac.
“‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbitheamhnach a rug mo