theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: [1]12Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. 13Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.
14Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n‑a láthair: A Thighearna, an seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n‑a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n‑uisge go minic. 15Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. 16Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht díth-chreidim dho-teagasgtha, an fada a bheidh mé i n‑bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? 17Tugaidh chúgham anso é. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. 18Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad 'n‑a thaobh nár féadamairne é chur amach? 19Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n‑easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, [2]a má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh.[* 1] 20Ach ní curtar amach an sórd so ach le h‑úrnuighthe agus le trosgadh.
21Agus nuair a bhíodar ’n‑a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: tá mac an duine le tabhairt i lámhaibh daoine; 22Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.
23Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht
- ↑ Mal. iv. 5.
- ↑ Lúc. xvii. 6.
- ↑ Ver. 19. “Fiú oiread gráinne de shíol mustáird”, .i. creideamh beacht, .i., creideamh a shamhaltar ’n‑a mhianach agus ’n‑a thoradh, leis an ngráinne de shíol mustáird sa pharabal. Caib. xiii. 31.