“Resurrection” acu, ná “rising again from the dead”, ná “Aiseirighe ár Slánuightheóra”!
Ní dóich liom gur deineadh éagcóir aigne riamh ar dhaoinibh óga, i n‑aon pháirt de’n domhan, chómh mór agus a deineadh ar aos óg na h‑Éirean nuair a cuireadh ortha an saghas múineadh sin a dh’fhág sa deire iad gan Bhéarla gan Ghaeluinn. Nuair a bhíos-sa ar sgoil i gCaraig an Ime, suas le trí fichid blian ó shin, iseadh bhí an éagcóir sin ag tosnughadh. Mura mbéadh idir Bhéarla agus Gaeluinn a bheith ró dhaingean istigh ionam-sa bhéadh an sgéal go h‑olc agam.
Dá mba ná béadh agam ach an Ghaeluinn anois, ni tabharfaí aon toradh orm pé olc maith a bhéadh sí agam. Agus dá mba ná bhéadh agam ach an Béarla, ní fhéadfainn aon úsáid a dhéanamh de chun na Gaeluinne do shaothrughadh pé olc maith a bhéadh sé agam.
VIII
Trí liathróidí dubha
Tá faid mhaith sa tslígh ó Lios Caragáin go Caraig an Ime, agus slígh gharbh anacair iseadh an tslígh. Nuair a bhíodh an aimsir fliuch fuar do chaithinn fanmhaint sa bhaile. Bhíodh an aimsir fliuch fuar minic go leór. Do thuig m’ athair, beannacht Dé le n’ anam, go raibh a lán de’n aimsir ag imtheacht gan tairbhe uaim. Bhí