ag smidireacht gháirí i n‑inead freagra thabhairt, agus gur ag lútáil a bhí sé i n‑inead seasamh díreach. I n‑inead bheith dána gan bheith droch-mhúinte gur b’ amhlaidh a bhí sé droch-mhúinte gan bheith dána.
Bhí beirt nó triúr ban sa pharóiste agus cúpla gearachaile le gach mnaoi acu ag foghluim Teagasg Críosdaidhe sa tséipéal. Ní dhéanfadh Gaeluinn an gnó i n‑aon chor dos na mnáibh sin. Níor bh’fholáir an Teagasg Críosdaidhe mhúineadh as Béarla d’á gclainn. Bí ceathrar nó cúigear, as an dá chéad, agus iad ag casadh le Teagasg Críosdaidhe dh’fhoghluim as Béarla. Do curtí mise ’ghá múineadh. Bhíos ana bheag agus iadsan ana mhór. Is cuimhin liom go maith an obair a bhíodh agam ortha a d’iaraidh bríghe na bhfocal do chur isteach ’n‑a gceann, agus é ag teip orm glan. Ar dtúis ní fhéadaidís an focal do rádh. Nuair a deirinn leó “Resurrection” do rádh, ní deiridís ach “Rerusection,” nó rud éigin mar sin. Ansan nuair a thugainn an brígh dhóibh, do thuiginn ná téigheadh an brígh isteach i n‑aon chor ’n‑a n‑aigne. Fé dheire, nuair a thugainn an brígh dhóibh fé leith, gan bac leis an bhfocal, do ghlacaidís é, ach ní fhéadadh mo dhícheal an focal agus an brígh thabhairt i n‑aonfheacht dóibh. Bhéadh “Resurrection” acu, agus bhéadh “to rise again from the dead” acu, ach ní fhéadaidís choídhche a thuisgint gur bh’ aon nídh amháin an dá nídh sin. Ansan, nuair a deirinn ná raibh sa dá nídh ach an t‑aon níd amháin, .i. “Aiseirighe ár Slánuightheóra”, do lasadh a súile agus do gháiridís.
Raint blianta ’n‑a dhiaigh san bhí an sgéal níba sheacht measa ’ná san féin. Bhí formhór na ndaoine óga ag foghluim an Teagasg Críosdaidhe as Béarla agus gan aon fhocal Gaeluinne acu. Ansan ní raibh