an phortaigh a bhí lastíos de Charaigín an Easaigh. Nuair a fuair sé é féin ag dul amú tháinig eagal air go dtuitfeadh sé i bpoll éigin agus go mbádhfaí é. Níor dhein sé ach stad agus cromadh ar liúireach. Béas ab eadh é sin an uair sin ag daoine a bhéadh ag dul amú. Bhí liúgh áirighthe chuige, agus do thuig gach aoinne conus an liúgh san do chur suas, i dtreó nuair a h-aireófaí an liúgh go mbéadh fhios ag gach aoinne a dh’aireóch’ é cad é an brígh bhéadh leis, agus go gcruinneóchadh na daoine fé dhéin an t-é bhéadh ag dul amú.
Bhí stábla beag ag ceann an tíghe againn. Tháinig duine bocht n-ar bh’ ainim dó Pádraig ua Buachalla agus do tugadh bheith istigh sa stábla dhó féin agus d’á mhnaoi agus do bheirt leanbh a bhí acu. D’fhanadar sa stábla ar feadh raint seachtmhainí; bhí bothán beag acu féin ’n-a dhiaigh san. Síle ab ainim do’n t-é ba shine de’n bheirt leanbh. Bhí buachaill aimsire againn Conchubhar ab ainim dó. D’airigheas Síle lá ag caint leis.
“A Chon,” ar sise.
“Teacht, a Shíle,” arsa Con.
“Ní’l aon chaint agam-sa anois,” ar sise.
“Airiú, cad eile cad ’tá agat, a Shíle?” arsa Con.
“Tá Béarla,” ar sise.
“Airiú, cad é an Béarla fhéadfá-sa bheith agat?” arsa Con.
“Béarla Pheadair agus Sheághainín Philib,” ar sise. Duine bocht a bhí i mbothán i n-aice na h-áite ab eadh Seághainín Philib.
“Agus ar nóin is caint Béarla, a Shíle,” arsa Con.
“Caint Béarla!” ar sise, agus iongnadh uirthi.