tínteáin. Tháinig buachaill an dorus isteach. Chonac an aghaidh a bhí air agus an sgeón a bhí ’n-a dhá shúil, sgeón ocrais. Tá an aghaidh sin agus an dá shúil sin os cómhair m’ aigne anois chómh glan chómh soiléir agus bhíodar an lá san nuair thugas an t-aon fhéachaint amháin sin ortha. Thug duine éigin cannta aráin dó. Thug sé snap ar an arán agus thug sé a dhrom linn agus a aghaidh ar an bhfalla, agus sháidh sé an t-arán ’n-a bhéal, agus dhírigh sé ar an arán dh’ithe le h-airc i dtreó gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin. Níor mheasas an uair sin go raibh aon iongnadh ró mhór agam ’á dhéanamh dé féin ná de’n airc a bhí air chun an aráin; ach d’fhan an radharc am’ aigne, agus fanfaidh an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfead.
Is cuimhin liom tráthnóna éigin i gcaitheamh na h-aimsire sin agus na daoine ag ruith isteach ’s amach agus iad ag caint. Sa gheimhre ab eadh é. Bhí an oídhche tar éis tuitim. D’airigheas an focal, “Thíos ag Caraigín an Easaigh iseadh dh’airigheas an liúgh!” “Siné airís é!” arsa duine eile, agus do ritheadar go léir amach. Tamall ’n-a dhiaigh san thánadar isteach airís agus seanduine bocht acu eatartha. Chuireadar ’n-a sheasamh ar an úrlár é. Is ar éigin a bhí sé ábalta ar sheasamh. Bhíos-sa ar a aghaidh amach agus radharc agam ar a cheannachaibh. Bhí a bhéal ar leathadh agus a bheóil taraingthe, síos agus suas, i dtreó go raibh na fiacala, an méid a bhí aige dhíobh, nochtaithe. Chonac an dá starfhiacal mhóra fhada bhuidhe ’n-a bhéal agus an sgeón ’n-a dhá shúil agus an sgannradh ’n-a ghnúis. Chím anois iad chómh maith agus do chonac an uair sin iad. Cómharsa dob’ eadh é. Is amhlaidh a chomáin an t-ocras amach é féachaint an bhféadfadh sé aon rud le n-ithe dh’fhághail. Chuaidh an fear bocht amú ar fuaid