Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/24

From Wikisource
This page has been validated.
10
MO SGÉAL FÉIN

an bás air, slán mar a n‑innstear é, nuair ná raibh sé ach ocht mbliana agus dachad. D’á ghioracht í an aimsir a fuair sé chuige, bhí an chuid ba mhó de’n chlainn inghean curtha i gcrích aige sar a bhfuair sé bás, agus iad curtha i gcrích go maith aige. Ní raibh aige le déanamh do’n chlainn mhac ach an talamh do raint eatartha. D’fhág sé Lios Caragáin le h‑udhacht ag ceathrar acu, a leath ag beirt agus an leath eile ag an mbeirt eile. Fuair duine de’n cheathrar san bás go luath i ndiaigh an athar. Ansan do dhein an triúr a bhí ’n‑a dhiaigh trí treana de’n fheirm eatartha féin, i dtreó ná raibh ach féar seacht mbó ag an nduine acu. Duine de’n triúr san ab eadh m’ athair-se.

Déarfadh duine nár mhaith an chiall d’aon fhear óg bean do thabhairt leis agus é féin do shocarughadh chun cómhnuighthe ar fheirm bheag de’n tsórd san, féar seacht mbó, agus gan ann ach droch thalamh. Gan amhras níor mhaith an chiall dó é dá mbéadh caoi aige ar a mhalairt de shocarughadh a dhéanamh dó féin, ach ní raibh. Ní raibh aon fhéachaint suas an uair sin ag aoinne de mhuíntir na h‑Éirean ach an talamh. Bhíodar féin agus a sínsear, an uair sin agus ar feadh na gcéadta blian roimis sin, geartha amach glan ó aon tsaghas eile slíghe bheatha ach amháin bheith ag obair ar an dtalamh ag déanamh cíosa do mháighistiríbh; agus do gearfaí amach ó’n slígh bheatha san, leis, iad, ach nár bh’ fhéidir aon daoine eile dh’fhághail a dh’fhéadfadh oiread cíosa dhéanamh as a dtalamh agus a dh’fhéadaidís sin a dhéanamh. D’á éaghmuis sin, nuair a pósadh m’ athair agus mo mháthair ní raibh an sgéal i n‑aon chor chómh h‑olc ag feirmeóiríbh na h‑Éirean agus bhí sé acu tamall ’n‑a dhiaigh san. Bhí prátaí ag fás agus bhí airgead maith le fághail ar ím. Dhéanfadh an t‑ím an