réidhteach sar a ndéanfaí an pósadh. Do cómhairigheadh an gaol, ar an dá thaobh, siar go dtí an bheirt drithár, Diarmuid óg agus Conchubhar ua Laoghaire, an bheirt úd a díbreadh a’ Caisleán Charaig na Cora; agus do fuaradh, ó’n gcómhaireamh, go raibh an gaol, ar gach taobh, níba shia amach ’ná an cúigmhadh glúin. Do deineadh an cleamhnas. Do pósadh Diarmuid Ruadh ua Laoghaire, mac do Pheadar ua Laoghaire agus do Mháire ní Thuathaig ar Lios Caragáin, le Siobhán ní Laoghaire, inghean do Chonchubhar ua Laoghaire agus do Neill ní Icídhe, a bhí ar an Mullach Ruadh. Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad tríochad a naoi, bhí mac ag an mbeirt sin. Mise an mac san.
LIOS CARAGÁIN
Bhí ochtar mac agus ochtar inghean ag Peadar ua Laoghaire agus ag Máire ní Thuathaig, mo shean-athair agus mo sheana-mháthair. Bhí dhá fheirm thailimh acu, an fheirm ar Lios Caragáin, féar bó agus fiche, agus feirm eile thíos ar Chill Ghobnatan, féar chúig cinn déag de bhuaibh. Bhí san maith go leór, ach níor ró mhór an saoghaltas é chun sé dhuine dhéag clainne do thógaint air agus do chur i gcrích as. Dá maireadh an t‑athair go dtí go mbéadh sé suas le deich mbliana agus trí fichid nó mar sin, b’ fhéidir go bhféadfadh sé rud éigin fóghanta dhéanamh do’n chlainn; ach tháinig