mé ag gáirí, go dtí go raibh na daoine go léir ag faire féachaint cad ’déasfainn, ansan d’iompuigheas chun na ndaoine agus, “Ní deirim,” arsa mise, “ná go bhfuil breall ar Dhiarmuid.” Níor fhéadas a thuille do rádh, d’eirigh a leithéid d’uaill gháirí. Mheasas go dtuitfeadh an t-Athair Maitias as an gcathaoir tháinig a leithéid sin de thritheamh gáirí air.
Dheineamair ár ngnó agus ní raibh lámhach ná marbhadh againn. Thug an t-Athair Séamus (an Canónach anois), thug sé dínnéar breagh brothalach dúinn. Do deineadh a lán cainte ag an ndínnéar, leis. Bhí cuid de’n chaint feargach, feargach go maith. Ach bhí an chúil-fhéith chómh maith san ag an Athair Séamus, agus an stuaim chómh daingean san ann, go mbaineadh sé an faobhar de’n fheirg i gcómhnuighe sar a bhféadadh sí aon díobháil a dhéanamh.
Dá ndeintí an gnó i mBaile Mhistéala an lá úd mar a deineadh i dTulach Lias tímpal seacht mbliana roimis sin, agus mar a deineadh i n-a lán áiteana eile i gcaitheamh na h-aimsire, ní bhéadh lámhach ná marbhadh ann.
Ó DHÚN AR AILL GO CAISLEÁN UA LIATHÁIN
An fhaid a bhíos i nDún ar Aill tháinig taom breóiteachta orm agus ba ró dhóbair dó mé bhreith as an saoghal. Bhíos am’ lán neart an lá sar a dtáinig sé orm. Tháinig sé orm go h-ana oban, fé mar a tabharfaí