ann. Bhí cruinniughadh breagh ann. Nuair a bhí an obair ag tosnughadh agus na cainteóirí ag dul suas ar an árdán, chuas féin suas air. Cé chífinn guala le gualainn liom ar an árdán ach fear na nótaí. Do h-iaraidh cead dó agus do fuaradh, agus bhí sé ansúd thuas agus gan aon chur isteach ag aoinne ’á dhéanamh air. Bhí sagart sa chathaoir againn, an t-Athair Maitias mac Mathghamhna, sagart paróiste an Bhóthair Bhuidhe, áit atá tímpal sé nó seacht de mhíltibh siar ó Cheann Tuirc. Bhí an t-Athair Séamus ua Mórdha ’n-a Chóadiútor an uair sin i dTulach Lias agus is air a bhí cúram oibre an lae, agus ba mhaith an díol air é. Tá sé ’n-a shagart paróiste anso am’ aice anois, i Ráth Chormaic, agus ’n-a Chanónach. Chuir sé gach aoinne i n-a áit féin, agus do ghluais an chaint, do réir úird. Dhein fear na cathaoireach a chuid cainte. Dhein an t-Athair Séamus a chuid cainte, agus ba mhaith agus ba stuamdha an chaint a dhein sé. Níor mhisde an gnó fhágaint fé.
Tháinig an t-am dom féin chun mo chuid cainte dhéanamh. Bhí fhios agam go raibh an Ghaeluinn go maith an uair sin ag na daoine a bhí ag éisteacht liom, agus i dtreó go mbéadh raint spóirt agam ar fhear na nótaí, a bhí agam’ ghualainn, do chromas ar mo chaint a dhéanamh as Gaeluinn. Do las súile na ndaoine go léir láithreach leis an spórt. Thugas fé ndeara gach ’re bhféachaint ag gach aoinne ’á thabhairt orm féin agus ar fhear na nótaí. Diarmuid ab ainim dó, Diarmuid Stringer. Chomáineas liom ar feadh tamaill go dtí go raibh na daoine go léir ag sgigeadh. Ansan d’iompuigheas agus d’fhéachas ar Dhiarmuid. Bhí sé ansúd ’n-a sheasamh agus a phinsil ’n-a bhéal aige. Do stadas ag féachaint air, agus