Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/201

From Wikisource
This page has been proofread.

aon lúth inti, agus bhí cos leis an duine eile crapaithe, chómh crapaithe sin gur dhóich le duine air nuair a bhíodh an fear bocht ag siúbhal gur ag cromadh agus ag eirighe a bhíodh sé. Do thárla go raibh an bheirt ag teacht i n-aonfheacht chun tíghe an fheirmeóra um thráthnóna, lá áirighthe. Ní raibh aon choinne acu le n-a chéile, agus go deimhin ní raibh aon fháilte acu d’á chéile. B’fhearr le gach duine acu gan an duine eile do theacht. Cheap fear na coise crapaithe go dtabharfadh sé priocadh beag géar do’n fhear eile.

“Nách leathlámhach an aimsir í seo againn, a Sheághain!” ar seisean. Bhí an aimsir ana bhriste.

Do phrioc an focal “leathlámhach” Seághan bocht, ach má phrioc thug sé priocadh chómh géar leis uaidh.

“Ach, ní’l inti ach síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó!” ar seisean.

Do thárla go raibh fear an tíghe ag éisteacht leis an gcaint. Do sgeart sé ar gháirí.

“Dar fiadh,” ar seisean, “ach do thugabhair d’á chéile é chómh deas agus d’airigheas ’á dhéanamh riamh é! ‘Leathlámhach,’ agus ‘síos agus suas’!”

Chuir sé fhéachaint ar an mbeirt dul isteach agus bheith síothchánta le n-a chéile. Ach sin mar a bhí na landlordaí agus na h-agentí i gcaitheamh na h-aimsire sin, “síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó,” lá mín agus lá garbh, lá síbhialta agus lá doithigheasach, lá béasach agus lá droch mhúinte, fé mar a bhíodh an cluiche ag gabháil leó nó ag gabháil ’n-a gcoinnibh.

Ba ró dheacair i n-aon chor a dh’áiteamh ortha nár bh’ éagcóir ana throm ortha gan leigint dóibh dlígh d’imirt ’n-a lán neart ar na feirmeóiribh, agus an cíos d’fhásgadh asta dá bhfáisgtí an t-anam asta i n-aonfheacht leis. Bhíos lá ar dínnear i dtigh duin’uasail