steall sé anonn i gcoinnibh an fhalla é i dtreó gur ghluais na píosaí ag rinnce ar fuaid an úrláir.
“Pick it up now,” ar seisean, “and go and bring me in the full amount!”
Do phioc Carey suas an t-airgead agus chuir sé ’n-a phóca é, agus thug sé aghaidh ar an ndorus. Díreach agus é ag gabháil an dorus amach dúbhairt sé, “When I give it to you again you will keep it.”
Tháinig sé abhaile. Tháinig an writ. Má tháinig níor chuir Carey aon tsuim ann.
Fé cheann beagán aimsire tháinig atharughadh dlíghe. Bhí an cluiche i bhfabhar do’n tineóntaidhe agus i gcoinnibh an landlord. Do lean an sgéal mar sin ar feadh tamaill. Ansan tháinig leitir eile ó’n agent gcéadna ag triall ar Charey.
“Dear Mr. Carey,
“I shall feel much obliged if you will come in next Saturday and let me have the rent. The amount you owe is———(gan aon trácht ar an ndeich agus dachad do’n writ).
Níor chuaidh Carey isteach, agus ní bhfuair Smith an t-airgead, an uair sin ná riamh ó shin.
Sin mar a bhíodh na tighearnaí, mín agus garbh, cneasta agus dothigheasach, gach re dturas, fé mar a ghluaisigheadh an cluiche leó nó ’n-a gcoinnibh, síos nó suas. Chuiridís i gcuimhne dhom rud a thuit amach i n-aice tíghe feirmeóra mórán blianta roimis sin. Bhí beirt bhacach sa n-áit. Bhí lámh le duine acu gan