Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/195

From Wikisource
This page has been proofread.

ná faighdís bás do’n ghorta. D’airigh an Barrach go raibh an mhin d’á tabhairt amach i mBaile Mhistéala. Cheap sé, nídh nár bh’ iongnadh, go raibh Seághan ua Gríobhtha bocht ag fághail na mine, agus go bhfaghadh sé féin béile de’n mhin le n-ithe ach dul ó-thuaidh go Cathair Druinne. Siúd ó-thuaidh é agus an t-ocras air. Chuaidh sé isteach.

“‘An bhfuil aon rud anso a dh’íosfadh fear ocrais?’ ar seisean.

Ní raibh aon bhlúire bídh fé dhíon ’tighe!

“‘Mheasas go mbéadh cuid de’n mhin agaibh,’ arsa’n Barrach.

“‘Cad í an mhin?’ arsa Seághan.

“‘An mhin seo atá d’á tabhairt amach thuaidh ansan i mBaile Mhistéala,’ arsa’n Barrach.

“’Níor airigheas focal ’n-a taobh,’ arsa Seághan.

“‘Greadadh chúghat,’ arsa’n Barrach, ‘imthigh ó-thuaidh láithreach agus tabhair chúghainn cuid dí!’

“‘Ní’l aon airgead agam,’ arsa Seághan.

“‘Tá an sagart paróiste ag tabhairt na mine úd amach gan aon airgead. Tá sé ’ghá bronnadh ar na daoine bochta. Imthigh láithreach agus tabhair chúghainn cuid di. Fanfad-sa anso go dtagair. Táim ag dul i laige leis an ocras!’

“D’imthigh Seághan ó-thuaidh. Tar éis raint mhaith aimsire tháinig sé.

“‘Ar thugais leat an mhin?’ arsa’n Barrach.

“‘Níor thugas,’ arsa Seághan.

“‘Cad ’n-a thaobh?’ arsa’n Barrach.

“‘Mar ní bhfuaras í,’ arsa Seághan.

“‘Cad ’dúbhradh leat?’ arsa’n Barrach.

“‘Do fiafraigheadh díom an raibh ocras orm,’ arsa Seághan.