amach as an bhfeirm é. Níor chosain dlígh na rígheachta ar an éagcóir é. Níor dhein san ceart de’n éagcóir. Ach do bhris an chómharsa dlígh Dé agus dlígh na rígheachta i n-aonfheacht nuair a chuir sé an pléar tré fhear na sainte mar gheall ar an bhfeirm do bhreith uaidh.
Tímpal na h-aimsire sin do chonac féin páipéar a tháinig anall ó Lúnduin: Punch an ainim a bhí ar an bpáipéar san. Bhíodh peictiúirí magaidh air, ach bíodh gur peictiúirí magaidh iad bhíodh brígh doimhinn leó uaireanta. Bhí peictiúir acu ar an bpáipéar a chonac; Gladstone agus culaith pholiceman uime agus é ’n-a choilg-sheasamh ar aghaidh siopa amach, agus a dhrom le dorus an tsiopa agus é ag féachaint uaidh ar bhun an aeir. Istigh sa tsiopa, ag an gcúntar, raint fear agus éadach dubh ar a ngnúisibh acu, agus iad ag ceannach arm, gunaí agus piostail, agus claidhmhte, agus pící. Sagart laistigh de’n chúntar agus é ag díol na n-arm leo. Disraeli ’n-a sheasamh amuich i n-aice Ghladstone agus é ag féachaint suas air agus a mhéar sínte aige chun an tsiopa agus an chaint seo, mar ’dh eadh, ag teacht as a bhéal: “I say, Mr. Pleeceman, I think it is about time that you should look in here!”
Ansan do tháinig na smacht-dlighthe i ndiaigh ’chéile, gach smacht-dlígh acu níba ghéire ’ná an smacht-dlígh roimis, go dtí go raibh fir chreideamhnacha, ó gach aon pháirt d’Éirinn, sáidhte isteach ins na prísúnaibh, gan triail dlíghe gan breith dáréag, agus go ndúbhairt Gladstone an focal úd, “The resources of civilisation are not yet exhausted.”
Bhí airgead ’á dhéanamh suas ins gach aon áit dos na daoine a bhí ins na prísúnaibh. Chuimhnigheas féin ar shlígh chun raint airgid a dhéanamh suas dos na fearaibh