go raiḃ an cúinne cam air cad du ḃeaḋ aige aċ an deiċ triuṫ.
Ṫáinig néall ar Ḋonnċa Neans. “Ḋeinis iad do ḋaṫú, a lúbaire!” ar seisean, agus ḃuail sé flíp ar ḟear na gcártaí. Ṫóg seisean a ṁaide croise agus ḃuail sé Donnċa sa ḃaiṫeas.
Ní ḟaca-sa ḋe aċ an méid sin mar ċuaiġ a lán eile sa ġráscar. Ḃíodar go léir in aon tranglam aṁáin agus b’éigean doṁ-sa cur díom.
Seo Liom síos mar a raiḃ na naoḃóga. Sin é an áit a raiḃ an suaṫaḋ agus an siosma, agus gaċ éinne ag molaḋ a ċriú féin agus ag cáineaḋ gaċ aon ċriú eile.
D’imíoḋ naoḃóg ar sciuird léi féin an cuan siar.
“Ó hanaman scian!” adeireaḋ fear “naċ deas iad!”
Laḃraḋ fear eile á ḟreagairt:
“B’ḟéidir dá mbeaḋ naoḃóg eile suas lena gcliaṫán gur beag a’ teaspaċ ḟágfaḋ sí orṫu.”
“Ara, níor ċás dóiḃ—níl criú sa ċuan inniu a ḋéanfaḋ aon láṁ orṫu,” adeireaḋ an ċéad ḟear. “An iad muintir ċuas a’ Ṗortáin ariú? Muise, cúis ġáire ċugainn! Cad a ḋeineadar riaṁ?”
“Ḋeineadar, an rud a ḋéanfaiḋ siad inniu arís—an suae a ḃreiṫ leo ó Ḃéal Carraige.”
“Cuirfiḋ mé cúig ṗuint leat ná déanfaid.”
“Cuirfiḋ mé, agus fiċe punt,” arsan fear eile, agus ċuir sé láṁ ina ṗóca. Ní dóiġ liom go raiḃ fiċe scilling ag an ḃfear céanna.