Ḃí ’ḟios agam ar maidin a giorraċt a ragaḋ an t-airgead, ac ní ligfeaḋ scanraḋ ḋom aon ṗingin d’iarraiḋ ar Ṁam, mar ḃeaḋ ’ḟios aici cá mbeinn ag dul, agus ansan ḃeaḋ laincis liom. Ní maiṫ le Mam ráiseanna naoḃóg. Nuair ná raiḃ sí ag féaċaint orainn ṫug Daid scilling dom gan ’ḟios di.
Doṁnaċ ab ea é, agus siúd liom féin agus le Micilín ṫar Mám ar bog-ṡodar. D’ḟágamar na bróga fé ċoca féir i bpáirc le Micilín, mar ba ṁór linn mar ualaċ iad.
I mbarr an Ṁáma ḃuail asal linn agus ċuamar araon in airde air. Ní haon deaḃaḋ a ḋeineamar dá ḃrí sin, mar ní ḃainfeaḋ cogaḋ na bpléar aon tsiúl as. B’éigean dúinn é ḟágaint in ár ndiaiḋ.
Ḃí an saol go léir ag féaċaint ar an rás—fir agus mná agus daoine beaga. Ní ċuala riaṁ a oiread geonaċ, ná a oiread cainte, ná a oiread argóna.
Ḃí luċt úll a ḋíol ann, agus luċt díolta milseáii, agus crúibíní muc. Ḃí bean an duilisc ann, leis, agus luċt aṁrán, agus fear go raiḃ trí ċártaí aige agus é ag breiṫ scillingí ó ḋaoine ċoṁ tiuḃ le tiul. Ṫaḃarfaḋ sé coróin don té aimseoḋ an t-aon muileat.
Uair ná raiḃ sé ag féaċaint ar na cártaí rug Donnċa Neans ar an aon muileat agus lúb sé cúine den ċárta aníos. Ansan ċuir Donnċa leaṫċoróin leis an ḃfear go n-aimseoḋ sé féin an t-aon muileat. Ṡuaiṫ an fear na cártaí arís agus nuair d’iompaiġ Donnċa an cárta