Amaċ trid an ḃfuinneoig a ċuas féin le smut de ṫéadán a ḃí ceangailte agam de ċois na leapan. D’ḟéadfainn dul amaċ an doras gan aon téad, tá’s agat, aċ ní ḃeaḋ aon ġaisce ansan.
Ḃuail Micilín liom sa ḃuaile agus ċuaiġ an ḃeirt againn soir trí na páirceanna go dtí an cros-ḃóṫar. Ḃí na tincéirí fós ann agus tine ar lasaḋ acu, agus rud éigin acu dá róstaḋ. Fuaireas amaċ ó sin gurḃ é bárdal Ḃeit Móire a ḃí acu. Nuair a ḃí sé róstaiṫe d’iṫeadar láiṫreaċ é agus ṫugadar na cnáṁa do na leanḃaí beaga le cogaint.
Ċuadar an dream go léir a ċodlaḋ ansan aċ an t-aṫair. Ḃeir sé sin an t-asal leis agus ċuir sé isteaċ i móinéar Ṗeats Teaimí é, agus in ionad duL a ċodlaḋ fé mar ḋein an ċuid eile, is aṁlaiḋ a ṫug sé aġaiḋ siar ar na tiṫe arís.
Ḃain san preab asainn agus an ḃeirt againn i ndíg ag faire air.
“Hanaman scian, a Ṁicilín,” arsa mise, “spiaire!”
Ċloisfeá croí Ṁicilín ag bualaḋ agus a anál á ḃaint de. Siúd linn ina ḋiaiḋ ag éalú.
Nuair a ṫáinig an tincéir in aice tí Ṁáire Aindí ċuaiġ sé ar éalú cois an ċlaí agus é ag stad agus cluas air gaċ ’ra neomat. Ḃí aḋarc ḃeag den ġealaiġ ann an oíċe sin.
“Ag spiaireaċt ar Ṫaḋg Óg atá sé,” arsa mise i gcogar le Micilín, nuair ċonaiceas an rascail ag dul isteaċ i measc na dtiṫe. Ḃí mo ċroí féin im ḃéal agus mé te, agus mo láṁa ar criṫ, agus ná feadar cad a ḋéanfainn.