As san amaċ ní raiḃ stad le Micilín ná liom féin aċ ag cuardaċ do spiairí. Ḃímis laistiġ de sna claṫaċa istoíċe ag éisteaċt le gaċ éinne ġaḃaḋ an bóṫar. Tar eis ár ndíċill, áfaċ, ní ḟuaireamar aon spiaire sa ṗaróiste, agus b’orainn a ḃí an mí-ṡásaṁ.
Nuair a ṫeip muintir an ṗaróiste orainn ċeapamar go mb’ḟéidir go mbuailfeaḋ seans éigin linn dá ḃfairimis stróinséirí a ḃíoḋ ag teaċt is ag imeaċt. Bacaiġ is mó a ṫagaḋ, agus tincéirí. Is mó uair a ċloig a ṫugaimis á ḃfaire agus ár gcroí go cráite toise gur ḋaoine macánta iad go léir.
Ṫáinig fear ón nDaingean lá agus droċ-ċosa fé agus asal aige, aċ níorḃ iad Éire ná Sasana a ḃí ag cur tinnis air sin.
Ṫáinig fear eile ar leaṫ-ċois go raiḃ ḋá ṁaide croise aige. Ní ċreidfeaḋ Micilín nár spiaire é i gcló bacaiġ, agus d’ḟaireamar é féaċaint an gcuirfeaḋ sé an dara cos fé, aċ níor ċuir.
Ansan ṫug tincéir caol rua turas ar an mbaile, agus a ḃean agus scata mór de ṫincéirí beaga fairis. Ċuardaíodar gaċ aon tiġ ar feaḋ an lae agus tráṫnóna d’imíodar soir go dtí an crosaire—iad féin agus asal agus cairt a ḃí acu—agus ċuireadar fúṫu ann i gcoṁair na hoíċe.
Ḃí droċ-ḟuadar fúṫu, dar linn, agus iad d’ḟanaċt ansan. Ḃeartaiġ an ḃeirt againn éalú amaċ tar éis ár muintir a ḋul a ċodlaḋ ċun an tincéir agus a ḃean d’ḟaire.