Caibidil VII
Mar a ċuaiġ Jimín ar seaċrán farraige.
Níor éiriġ idir mé féin agus Mam ar feaḋ i ḃfad. Ḃíos im ḃuaċaill maiṫ, tá’s agat! Nuair ṫagainn isteaċ istoíċe d’insinn di gur ṫuas i dtiġ Ṁáire Aindí a ḃínn, ag tarraing uisce agus ag breiṫ ṁóna isteaċ do Nell.
Deireaḋ mo ṁáṫair go mb’ḟearr ḋom fuireaċ ar fad acu. Ag magaḋ fúm a ḃíoḋ sí, ṫuiginn: aċ deirinn-se léi ná fágfainn mo Ṁaimí féin ar éinne!
Dar go deiṁin ní ḟeadar ciocu ag magaḋ ḃínn féin nó nárḃ ea. Is aṁlaiḋ atá an scéal idir mé féin agus Mam: go mbímid mór le ċéile uair um á seaċ, agus aṁrasaċ ar a ċéile urṁór ár saoil, agus mise boċt i mbroid is i mór-ḃrón an ċuid eile den aimsir.
Aimsir na broide atá anois tagaiṫe orm. Táim féin is Mam i gcogaḋ ḋearġ lena ċéile. B’ḟéidir naċ mar sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogaḋ liom-sa, agus mise ag díol as go cráite agus go dóite.
Tá sí le seaċtain ag gaḃáil steallaḋ orm-sa agus ní ḟéadaim í a ṡásaṁ. Tá seaċt ḃfiċid céad bucaed uisce beirṫe isteaċ agam ċuici ó
58