liom-sa mura mbeaḋ gur ḋein Taḋg Óg fóiriṫin orm. Ní ḋearmadfad go bráċ dó é. Rug sé ar láiṁ ar Ṁam agus ḃain sé an tslat di.
Ó ’ḋuine! ba ṁór an ḟuascailt é. Ḃí Mam ar buile aċ do ḋeineadar caint ḃreá ḃog léi á ciúnú: gur ḃuaċaill boċt óg mé agus ná raiḃ aon ċiall agam—ná bíonn ceann críonna ar ċolainn óig—ná tagann ciall roiṁ aois—gur fearr go hanamúil aeraċ mé ná ḃeiṫ im ruidín mílíṫeaċ cois na tine aici—go ndéanfainn fear maiṫ ciallṁar fós, le cúnaṁ Dé; agus a lán eile cainte mar sin nó go ndeaċaiġ sí ċun suaiṁnis.
Ansan ṫarraing Taḋg scéal eile anuas—go raiḃ cúig puint ar ḃanḃaí oċt seaċtaine ar ṡráid an Daingin Saṫarn na Nollag; agus ḃréagadar Mam mar sin ó ḃeiṫ ag coṫú fala im ċoinniḃ-se.
Faid a ḃíodar ag caint d’éalaíos féin ċun súsa agus mé go buíoċ trí a ḟeaḃas a ċuas as. Níor ṫit aon néall ċodlata orm, áfaċ, go gcualas Nell agus Taḋg ag imeaċt aḃaile; agus níor stad mo ċroí de ḃualaḋ go gcualas Mam ag dul dá seomra féin.
Is sia ċuiṁniġ sí ar ṁí-ġníoṁ lae sin an Dreoilín im ċoinniḃ ná aon rud eile ḃí déanta le fada agam.
Gaċ aon ṁaidean Doṁnaiġ nuair a ċíoḋ sí gúna Cáit, agus an rian duḃ d’ḟan air i ndiaiḋ an lae ṁí-áiḋ sin, ní ḟéadfaḋ sí gan é ċur i gcuiṁne ḋom. Dá mbuaileaḋ Dia aon tseans i dtreo Ċáit go ḃfaiġeaḋ sí gúna nua, ba ṁór an suaiṁneas dom é.