Jump to content

Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/49

From Wikisource
This page has been proofread.
43
Lá an dreóilín

Níor ḃraiṫeas aon ḃreis áṫais orṫu ina ṫaoḃ san.

“Ní raġad‑sa in aon éadaċ mná,” arsa Taḋg Learaí Ḃiġ.

“Éinne ná fuil sásta déanaṁ mar adeirim-se leis imíoḋ sé as an nDreoilín ar a’ hap,” arsa mise.

D’éist Taḋg Learaí Ḃig.

“Cá ḃfaiġeam éadaí ban?” arsa Smuilc, “agus cé hiad go mbeiḋ siad orṫu?”

“Taḋg Learaí Ḃig agus tusa, a Smuilc, ġeoḃaiḋ siḃ iad agus cuirfiḋ siḃ oraiḃ iad agus beiḋ siḃ ’nḃúr ḋá n‑óinsiġ.”

“Níl aon ḃean inár dtiġ-ne,” arsa Taḋg, “aċ mo ṁáṫair agus is mó is mór a cuid éadaiġ sin doṁ-sa.”

Ċuir san i dteannta mé. Ḃí ’ḟios agam gur ċeap sé go raiḃ buaite aige orm. Ṫáinig coċal orm ċuige.

“Ná bac sam a Ṫaiḋg" arsa mise. “Ní fál go haer é. Ġeoḃam culaiṫ óinsí ḋuit-se ná bíoḋ eagal ort. Bíoḋ siḃ go léir anso ar a hoċt ar maidin gan teip. Agus anois téimis ar lorg dreoilín.”

Fuaireamar go léir maidí agus cloċa agus níor ḟágamar tor ná claí ná bóiṫrín gan ċuardaċ féaċaint an ḃfaiġimis dreoilín le marú. Aċ rian de ḋreoilín ní raiḃ in aon áit acu. Dúirt Smulc gur dóċa gurḃ aṁlaiḋ a ḃíodar go léir imiṫe aḃaile i gcoṁair na Nollag; aċ is dóiġ liom‑sa gurḃ aṁlaiḋ a ḃí ’ḟios acu go raiḃ Lá an Dreoilín ag teaċt agus go ndeaċadar go léir i ḃfolaċ ar eagla go maróimis iad.