Nuair a ċuaiġ Daid amaċ le haṫair Micilín, agus ḃí Mam ag caint leis na mná in aice na tine, ṫógas féin slug as an gcrúsca, a ḋuine. Aċ is láidir nár ṁaraiġ sé mé leis an mblas a ḃí air. Ní ḟéadfainn é scaoileaḋ siar agus ḃeaḋ eagla orm é ċaiṫeaṁ as mo ḃéal ar an urlár. Seo liom ag baint an dorais amaċ agus mo ḃéal lán. Ċonaic mo ṁáṫair ag dul amaċ mé.
“Cá raġair anois, a Jimín,” ar sise, aċ ’om briaṫar ná dúras-sa aon ḟocal aċ an doras d’oscailt agus cur díom. Lean sí amaċ mé agus nuair a ċonaic sí mé ag casaċtaiġ agus ag glanaḋ mo ḃéil:
“Ha-ha-há!” ar sise, “a alfraits, ní ḋeanfainn daḃt díot. Naċ fiosraċ a ḃís!”
Ba ġránna an saġas ruda é.
Ḃí sé déanaċ nuair a ċuamar a ċodla an oíċe sin mar ḃí Mam ag ullṁú na gé i gcoṁair Lae Nollag. Ḃain sí amaċ a raiḃ istiġ inti is do niġ agus do ġlan í agus ansan do líon sí arís í le prátaí brúite agus oiniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile, agus ḋein sí é ḋingeaḋ isteaċ inti.
Ansan fuair sí snáṫad agus d’ḟuaiġ sí í. Ḃíos féin agus Cáit ag faire uirṫi.
Maidin Lae Nollag ċuaiġ Cáit agus mo ṁaṫair go dtí an ċéad Aifreann. Ḃíos féin agus Daid i mbun an tí. An ḟaid a ḃí Daid ag orú na mbó ċuas-sa ag féaċaint ar na rudaí go léir a ḃí sa cupard. Ṫógas úll agus líonas póca liom de rísíní, agus ḃí smut den ḃairín