orṫu. Ḃíodar go gleoite, a ḋuine, agus lasamar iad sar a dtáinig an oíċe in ao’ ċor; aċ do ṁúċ Mam arís iad.
Istoíċe ċuir mo Ṁam prátaí agus iasc ar an mbord ċugainn aċ, ’om baice, níor iṫeas féin ná Cáit aon ṗioc de mar ḃí ’ḟios againn go raiḃ rudaí eile ag teact. I gcionn tamaill ṫarraing Mam amaċ an císte mór breac agus do ġearr sí ḋúinn é agus ḋein sí té, agus fuaireamar ḋá úll uaiṫi.
Nuair a ḃí aṫair Ṁicilín ag dul ṫar doras ṫug Mam isteaċ é agus ṫug sí braon as buidéal dó—buidéal go raiḃ trí réiltíní air—agus ṫug sí braon beag do Ḋaid, agus fuair sí féin braon as buidéal eile, agus dúradar go léir “Go mbeirimid beo ar an dtráṫ so arís!”— pé brí a ḃí acu leis.
Ṫáinig Beit Ṁór agus Máire Aindí isteaċ agus ċuir mo ṁáṫair braon as an mbuidéal buí i ḋá ngloine agus ansan ċuir sí siúcra agus uisce beiriṫe ionṫu aġus ċorraiġ sí le spiúnóig iad.
Ċeapas ná hólfaidís sin in ao’ ċor ar dtúis é. Dúirt Máire Aindí: “Ó! go maraí sé mé má ḃlaisim aon ḃraon de!” aċ, mar sin féiii, d’ól sí é go léiri agus níor ṁaraiġ se leis, í.
Ṫáinig a lán eile isteaċ i riṫ na hoíċe—fir óga agus is as an gcrúsca mór a ṫug Mam an deoċ dóiḃ sin.
Dar fia! a ṁic ó! nuair a ċonaiceas iad go léir ag ól ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann.