“Mam do ċuir an riṫ orm,” arsa mise, “i dtaoḃ gur inseas do Ċáit go raḃadar ċun cliaṁain-isteaċ d’ḟáil di.”
“Ara, a ḃligeáirdín, cad a ċuir é sin id ċeann?” arsa Máire Aindí.
Ċuir sé sin olc orm féin.
“Ní haon ḃligeárd mé,” arsa mise, “aċ tá Mam ċun sagart a ḋéanaṁ díom, agus beiḋ siḃ go léir ag taḃairt ‘Father James’ orm ansan, agus b’ḟéidir ná taḃarfá bligeárd an uair sin orm.”
“Mo ġrá-sa Dia!” arsa Máire, “ag magaḋ fúm ataoi.”
“Níl aon ḃréag ann,” arsa mise, agus d’inseas di gaċ aon ní.
Níor ḟágas aon ní istiġ nár scaoileas amaċ. Ní raiḃ leiġeas agam air—ní ḟanfaḋ an riaċ ruda istiġ.
Sin é an loċt mór atá orm-sa, tá’s agat, mé ḃeiṫ im béal ’leiṫ Éireann. Ní ċeilim aon ní ar éinne aċ ar Ṁam; aċ ġeiḃeann sí sin fios ar mo ġnóṫaí gan inise á n-insint in ao’ ċor di. Ní túisce ḃí mo ḃotún déanta agam-sa ná ḃí sé go léir inste ar fuaid an ḃaile. Ní raiḃ an oíċe ar fónaṁ ann nuair ġaiḃ Máire Aindí isteaċ go dtí Mam.
“Muise, go gcoṫaí Dia ḋíḃ e, an sceal maiṫ,” ar sise.
“Cad é an scéal?” arsa Mam.
“Jimín beag a ḃeiṫ ag dul le sagartóireaċt, bail ó Ḋia air,” do ráiḋ Máire.
Baineaḋ an-ṗreab as Mam ḃoċt. Níor ḟan focal aici. D’ḟéaċ sí anall orm-sa agus