CAIBIDIL XII
Mar do ċuaiġ Jimín le sagartóireaċt.
BHÍ Mam ar feaḋ coicíse agus ní ḟéadfainn a ḋéanaṁ amaċ cad a ḃí ag gaḃáil di. Ag maċnaṁ a ḃíoḋ sí, tá’s agat, agus stadaḋ sí uaireanta i lár a cuid gnóṫa agus ḃíoḋ sí ag smaoineaṁ. Ansan uaireanta eile ċínn ag caint le Daid í aċ ní ḃíoḋ á rá ag Daid aċ—“Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr ’ḟios, a ċroí.”
Ḋeineas mo ḋíċeall aċ ċuaiġ díom a ḋéanaṁ aniaċ cad a ḃí ar a haigne. Is de ṫionóisc a fuaireas fios an scéil sa deireaḋ.
Tá pluais biṫiúnaċ agam féin agus ag Micilín, tá’s agat, i loċta tí na mbó againn-ne. Mise Captaen nambiṫiúnaċ. Ḃíos sa ṗluais tráṫnóna ag feiṫeaṁ le Micilín nuair a ġaiḃ Mam isteaċ ṫíos agus ḃí sí ag caint le Daid, a ḃí ag crú na mbó. Ní fada ḃíodar ag caint nuair a ṫuigeas gur mé féin a ḃí i gceist acu.
“Bainfiḋ sé deiċ mbliana ḋó sar a mbeiḋ sé ina ṡagart,” arsa Mam.
Ní mór ná gur ṫiteas féin i láṫair mo ċos nuair a ċuala an méid sin, a ḋuine. Mise im ṡagart! Ċuir an scéal mearḃall orm agus ní mór ná gur scéiṫeas orm fein.
98