Jump to content

Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/38

From Wikisource
This page has been proofread.
318
Caib. X. 31
Gníomhartha na n‑Aspol

an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’agaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé: 31A Chor­nélius, tá éistithe le d’ ghuidhe aguf tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé. 32Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin, ar Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, an fear leas­uighthe leathair, i n‑aice na faraige. 33Ansan do chuireas fios ortsa láith­reach agus is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile nídh a dh’órduigh Dia dhuit.

34Ansan d’osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé: Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do [1]phearsain seachas pearsa, 35Ach go bhféach­ann sé do’n t‑é sin, ins gach cine, ’na mbíonn a eagla air agus a dheineann fíor­aontacht.[* 1] 36Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síoth­chána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh): 37Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, [2]óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobh­sgaoil Eóin: 38Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis. 39Agus if fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé i gcrích na nIúdach agus i n‑Ierúsalem, gur cuireadh chun báis é ’dhá chrochadh ar an gcrann. 40Agus do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint

  1. Deut. x. 17; 2 Par. xix. 7; Iób xxxiv. 19; Eagna vi. 8; Eccli. xxxv. 15; Rómh. ii. 11; Gal. ii. 6; 1 Pead. i. 17.
  2. Lúc. iv. 14.
  1. Ver. 35. “Ins gach cine,” ⁊rl., .i. Ní Iúdaígh amháin ach geinte leis, pé cine gur díobh iad, atá taith­neamhach i láthair Dé, má tá eagla Dé ortha agus má dheinid siad deagh-oibreacha. Ach tuigtear i gcómh­nuighe nách fuláir dóibh an creideamh fírin­neach a bheith acu, óir “gan creideamh (adeir Pól naomhtha, Eabh. xi. 6) ní féidir Dia do shásamh.” Seachain, d’á bhrígh sin, an mhuinntir a deir, a’ brígh na cainnte sin, gur féidir do lucht gach creidimh bheith taith­neamhach i láthair Dé. Mar ó nár tháinig ó Dhia ach an creideamh fírin­neach, is léir gur ó athair an éitigh atá gach creideamh fallsa, agus nách féidir dóibh gan bheith míthaith­neamhach i láthair Dé na fírinne.