mo shon ionus ná tiocfadh orm aon nídh de sna neithibh sin atá ráidhte agaibh.
25Agus thánadar-san thar n‑ais go Ierúsalem tar éis briathar an Tighearna do dhearbhadh agus do labhairt, agus dheineadar craobhsgaoile tré n‑a lán de chríochaibh na Samaritánach.
26Ansan do labhair aingeal an Tighearna le Pilib agus dubhairt sé: Eirigh agus imthigh ó dheas chun na h‑áite ’na bhfuil an bóthar ó Ierúsalem go Gása; is fásach an áit. 27D’eirigh sé agus d’imthigh sé. Agus féach, bhí fear ó Étiópia, coillteánach cómhachtach le banríghin Étiópia, le Candacé, fear a bhí os cionn a saidhbhris go léir aici, agus bhí sé tar éis teacht go Ierúsalem chun Dia d’adhradh; 28Agus bhí sé ag dul thar n‑ais agus é ’n‑a shuidhe ’n‑a charbad, agus Isáias fáidh aige d’á léighe. 29Agus dubhairt an Spioraid le Pilib: Imthigh anonn agus cuir thu féin i n‑aice an charbaid sin. 30Tháinig Pilib i n’aice agus d’airigh sé é ag léighe Isáias fáidh, agus dubhairt sé: An dóigh leat a’ dtuigeann tú an nídh atá agat d’á léighe? 31Dubhairt seisean: Agus conus is féidir dom é thuisgint mura dtaisbeánaidh duine éigin dom é? Agus d’iarr sé ar Philib dul suas agus suidhe i n’aice. 32Agus sidé an áit de’n sgriptiúir a bhí aige dá léighe: [1]Do seóladh chun a mharbhtha é mar a seólfí caora; agus, ar nós an uain a bhéadh gan guth i láthair a bhearbóra, níor osgail sé a bhéal. 33I n‑úmhluigheacht do tógadh uaidh a bhreitheamhantas. Cé neósfaidh a gheinealach? Óir tógfar a bheatha de’n dtalamh. 34Agus d’fhreagair an coillteánach agus dubhairt sé le Pilib: Athchuinghim ort cia air go labhrann an fáidh an chainnt sin? an air féin nú an ar dhuine eile? 35Ansan d’osgail Pilib a bhéal agus thusnuigh sé leis an sgriptiúir sin agus do chraobhsgaoil sé Íosa dhó. 36Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thánadar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach: Féach an t‑uisge, cad ’tá am chosg air go mbaistfí me? 37Ach dubhairt Pilib: Má chreideann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán ní misde é. Agus d’fhreagair seisean agus
- ↑ Isáias liii. 7.