chómhacht. 11Agus d’éistidís leis, mar bhíodar meallta le n‑a chuid draoidheachta aige ar feadh abhfad. 12Ach nuair a chreideadar Pilib agus é ag craobhsgaoile i dtaobh rígheachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mná, i n‑ainim Íosa Críost. 13Ansan do chreid Símón féin agus do baisteadh é, agus d’fhan sé i bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mírbhúiltí d’á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh iongna agus alttacht air.
14Ansan d’airigh na h‑Aspoil a bhí i n‑Ierúsalem go raibh Samaría tar éís bréithir Dé do ghlacadh agus cuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha. 15Agus nuair a thánadar dheineadar guidhe ar a son, go nglacfaidís an Spioraid Naomh. 16Óir ní raibh tagaithe aige fós i n‑aoinne acu; ní rabhdar ach baistithe i n‑ainim an Tighearna Íosa. 17Ansan do chuireadar a lámha ortha agus do ghlacadar an Spioraid Naomh.[* 1]
18Nuair a chonnaic Símón, ámh, an Spioraid d’á thabhairt tré dhul fé láimh na n‑Aspol do tharraig sé airgead dóibh, 19Agus dubhairt sé: tugaidh dómhsa an cómhacht san, i dtreo, an t‑é go gcuirfead mo lámh air go nglacfaidh sé an Spioraid Naomh. Dubhairt Peadar leis, ámh: 20Íde ar do chuid airgid agus ort féin, óir do mheasais gur féidir tabharthas Dé d’fhághail ar airgead. 21Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach do chroidhe i láthair Dé. 22Déin aithríghe, d’á bhrígh sin, sa n‑olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dhia, féachaint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe. 23Óir chím go bhfuilir i ndomblas seirbhthin agus fé chuibhreach an uilc. 24Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Cuiridh-se bhúr nguidhe chun an Tighearna ar
- ↑ Ver. 17. “Do chuireadar a lámha ortha.” Chuireadh na h‑Aspoil daoine fé láimh easboig leis na lámha chur ortha, agus le guidhe dhéanamh, agus leis sin do ghlacadh na Críostuidhthe an Spioraid Naomh. Gan amhras do ghlacaidís grásta an Spioraid Naoimh nuair a baistthí iad, ach ní tugtí dhóibh an uair sin an fhorlíontacht ghrásta agus na tíodhlaicí eile sin a thugadh dóibh neart chun an chreidimh a dh’admháil go h‑osgailte; tíodhlaicí a ghlacaidís ’n‑a dhiaidh san ós na h‑easbogaibh i sacraimint dul fé láimh easpuig.