Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/41

From Wikisource
This page has not been proofread.
33
I dTÍR NA nIONGANTAS

arsaiġ sí léi féin, agus í ag cur dí. “Naċ ait ḃeiḋ an sceul aige nuair a ḃeiḋ a ḟios aige cé hé mé! Is fearr ḋom na mitíní agus an gaoṫaċán a ḃreiṫ ċuige, pé sceul é — sin é má éiriġeann liom iad d’ḟaġáil.” Cad a ḃuailfeaḋ léi ná tiġ beag neuta agus pláta beag práis leaṫ is amuiġ ar lár an duiris agus na focail seo, “M. Ó COINÍN,” grafaiġṫe air. Isteaċ léi, gan bualaḋ ag an dorus ná aon rud, agus anáirde staiḋre agus eagla a croiḋe uirre go mbuailfeaḋ an Máire Anna ċeart léi agus go gcuirfí scrios amaċ an dorus léi fé ḃfuiġfeaḋ sí na mitíní agus na córaċa eile ḃí uaiṫe.

“Naċ ait an rud doṁsa a ḃeiṫ ag deunaṁ teaċtaireaċtaí do ċoinín!” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Is é an ċeud rud eile aċt go mbeiḋ mé ag dul ag teaċtaireaċt do Ṗingcín!” Agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ in a haigne féin conus a ḃeaḋ an sceul aici: “"A Eiḃlís, a ċailín, tar annso gan stad agus cuir tú féin i gcóir ċum teaċt ag siuḃal!” “Ar an nómant, a ḃanaltra, aċt caiṫfe mé fuireaċ annso go gcasfaiḋ Pingcín. Duḃairt sé liom gan an luċ a leigint amaċ as an bpoll so go gcasfaḋ sé.” Aċt is baoġal liom gur gairid a ċoimeádfaí Pingcín fé ṁúraiḃ an tiġe dá mbeaḋ sé ag taḃairt órduiġṫe mar seo do ḋaoine.”

Díreaċ glan agus ag caint mar seo léi féin cad a ḃuailfeaḋ léi ná seomra beag neuta agus búirdín beag leagṫa in áirde ar an ḃfuinneoig, agus (dá mba ḋóiċiġe ar doṁan é) ḃí gaoṫaċán agus cúpla peiḋre nó trí de ṁitíní croiceann mionáin ar an mbórd. Ṫóg