This page has not been proofread.
31
I dTÍR NA nIONGANTAS
tarraingeoċainn ċugam Pingcín arís,” arsaiġ sí léi féin, “ní ṫeastuiġeann ó aoinne ar an taoḃ so de ḋúṫaiġ aon rud a aireaċtain in a taoḃ, agus feuċ orm-sa gur dóiġ liom gurb’ í an caitín is fearr sa doṁan í. Ó, Ṗingcín, a ċroiḋe! ní ḟeadar an ḃfeiceo’ mé go deo arís tú"; agus ṫosnuiġ an leanḃ boċt ag gol go fuiḋeaċ arís. Ḃí a croiḋe ag imṫeaċt uaiṫe, agus ḃraiṫ sí í féin an-uaigneaċ. Ba ġairid gur airiġ sí an lapadáil ḃeag arís ag teaċt d’iarraċt uirre. Ṡíl sí gurb’ í an luċ ḃí ag casaḋ ċum deireaḋ ċur le n-a sceul, gur ṫáinig sí ar aṫ-smaoineaṁ.