Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/143

From Wikisource
This page has not been proofread.
135
I dTÍR NA nIONGANTAS

ar sé sin, “duine boċt suaraċ is eaḋ mise, agus …”

“Suaramán críoċnuiġṫe is eaḋ ṫú,” arsaiġ an Rí.

“Tar slán! Tar slán!” arsaiġ an criucar, agus seo é ag bualaḋ bas ar a ḋíċeall, aċt ba ġairid an ṁoill ar oifigí na cúirte é ċur fé ċois agus seo mar a ḋeineadar é - ropadar i ndiaiḋ a ċinn isteaċ i mála é agus annsin ṡuiḋeadar anuas air.

“Is maiṫ liom,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “go ḃfaca mé lem’ ḋá ṡúil féin an cleas sin dá ḋeunaṁ. Is minic a léiġ mé is na páipéirí go bualaḋ bas a ċur ar bun nuair ḃeaḋ deireaḋ le triail i dtiġ cúirte, aċt go gcuireaḋ oifigí na cúirte fé ċois é gan mórán moille, aċt ní raiḃ a ḟios agam conus a ḋéintí é go dtí anois.”

“Maran ḃfeadar tú a ṫuille i dtaoḃ an scéil,” arsaiġ an Rí, “ġeoḃa tú dul síos.”

“Ní ḃfuiġfinn dul síos a ṫuille,” arsaiġ an fear boċt, “táim im’ ṡeasaṁ ar an úrlár ar ndóiġ.”

“Suiḋ síos, má’s eaḋ,” arsaiġ an Rí. Ṡil bean an ċriucair bualaḋ bas eile a ċur ar bun, aċt ḃain an cleas ceudna dí.

“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “sin deireaḋ leis an lánaṁa sin. Béidir go raġfaí ċum cinn níos fearr leis an sceul anois.”

“B’ḟearr liom deireaḋ ċur leis an mbraon té seo,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus d’ḟeuċ sé suas ar an mBainríoġain.

“Cuir díot,” arsaiġ an Rí; agus ċuir an