Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/142

From Wikisource
This page has not been proofread.
134
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

agus mar ġeall ar salaiġeaċt an ime agus stailceaċt an aráin agus teoḋaċt an té …”

“Teoḋaċt ’dé rud é?” arsaiġ an Rí. “An té ná fuil láidir,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “ní fuláir dó ḃeiṫ glic.”

“Tá a ḟios agam é sin,” arsaiġ an Rí, “dar ndóiġ, ní dóiġ leat gur breall ar fad mé. Is eaḋ, tomáin leat!”

“Fear boċt is eaḋ mé,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “agus ṫosnuiġ gaċ aon rud ag glinneaṁaint annsin — aċt duḃairt an Girrḟiaḋ Márta …”

“Ní duḃairt!” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta de ṡnab.

“Duḃairt!” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ná feiceann tú,” arsaiġ an Rí, “go dtugann sé an t-éiṫeaċ duit agus ná bac a ṫuille leis an méid sin den sceul.”

“Aċt pé sceul é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “duḃairt an luiċín” — agus d’ḟeuċ sé taoḃ ṫiar de ar an luiċín feuċaint an mbreugnóċaḋ sí sin é, aċt níor ḋein, mar ḃí sí in a marḃ-ċodlaḋ.

“Agus annsin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “ġearr mé blúire aráin agus ime …”

“Is eaḋ, aċt cad duḃairt an luiċín?” arsaiġ duine den Ċoiste.

“Ní cuiṁin liom anois é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Caiṫfe tú cuiṁneaṁ air,” arsaiġ an Rí, “nó bainfear an ceann díot.”

Ṫuit an cupán agus an t-arán agus an t-im amaċ as láṁa an ḟir ḃoiċt, agus ċuaiḋ sé féin ar a leaṫ-ġlúin. “A Rí ró onóraiġ,"