DON CÍOĊÓTÉ
“Ó!” ar seisean, agus ṫug sé léim ó’n dtalaṁ, “‘Don Cíoċóté’ atá ar siuḃal agat! ‘Don Cíoċóté’; ar nóin d’airiġ gaċ aoinne teaċt ṫairis sin!”
Ṫuigeas-sa im’ aigne an uair sin gur “Don Cíoċóté” an ainim ċeart, agus gur loit muíntir an Ḃéarla é nuair a ḋeineadar “Don Quixote” de, agus go raiḃ an lot ċóṁ tiubaisteaċ san nár aiṫin an Spáinneaċ féin é nuair airiġ sé é!
D’ḟan an méid sin sgéil im’ aigne riaṁ ó ṡin, go dtí leaṫ-ḃliaḋain ó ṡin, nuair a ċuiṁniġeas gur ṁaiṫ an rud an sgéal Spáinneaċ san do ċur síos i nGaeluinn. Annsan do ṫuigeas, dá mbeaḋ aon tseans go gcasfí an Ġaeluinn sin agus an Spáinneaċ úd ar a ċéile, gur ṁaiṫ an rud “Don Cíoċóté,” an ainim a ṫug sé ḋom, a ḃeiṫ mar ainim ’sa Ġaeluinn ar an sgéal.
Ċuir duine éigin Béarla ar an sgéal; agus, ċóṁ fad a’s ṫéiḋeann mo ṫuairim-se, tá feaḃas an sgéil ’sa Ḃéarla ċóṁ fada ó n-a ḟeaḃas ’sa Spáinnis agus atá an focal “Don Quixote,” ó’n ḃfocal “Don Cíoċóté.”
PEADAR UA LAOĠAIRE.
Caisleán Ua Liaṫáin
- Bealtaine 5,
- 1912.
- Bealtaine 5,