SEO MAR A ṪÁRLA
Timċeall ċeiṫre bliaḋna fiċead ó ṡin ḃíos ṫiar i gCíll Ċaoi ag an sáile. Do ḃuail umam ann, agus mé ag siuḃal go réiḋ ar bruaċ na faraige, fear a ḃí ag siuḃal ar an gcuma gcéadna. Do laḃramair. Níor ḃ’ḟada, ’sa ċaint dúinn, gur ṫuigeas féin gur Spáinneaċ é. Ċromas ar ṫráċt ar an Spáinn; ar ċlainn Ṁíleaḋ a ṫáinig go h-Éirinn fadó ó’n Spáinn; ar an gcogaḋ mór a ḃí ’sa Spáinn i n-aimsir Ḃónapart; ar na tréiṫe Spáinneaċa atá le feisgint, anois féin, i n-a lán de sna daoine a rugaḋ agus a tógaḋ ’sa ċúinne sin ṫiar ṫeas de’n oileán so na h-Éireann; agus mar sin.
’Sa ċaint dom leis ċuireas ceisteana ċuige i dtaoḃ na Spáinnise; annsan, i dtaoḃ sgríḃinní na Spáinnise, agus i dtaoḃ léiġinn na Spáinnise, agus i dtaoḃ na leaḃar agus na n-úġdar atá acu ’sa Spáinnis. Ḃí sé ag freagairt na gceisteana ḋom, agus ba ṁaiṫ ċuige é agus ba ṫuisgeanaċ. Fé ḋeire ċuireas ceist éigin ċuige i dtaoḃ “Don Quixote.”
“Don Quixote; Don Quixote;” ar seisean agus é ag maċtnaṁ. “Ní h-eól dom aon úġdar Spáinneaċ, ná aon leaḃar Spáinneaċ, ná aon ḟocal Spáinneaċ de’n tsórd san,” ar seisean agus iongnaḋ air. “Níor airiġeas riaṁ an focal san ‘Quixote,’” ar seisean.
“Ó,” arsa mise, “ní foláir nó d’airiġis. Sgéal iseaḋ é atá leaṫta ar fuaid na h-Eúróipe go léir. Míguél Cerḃantés ainim an ḟir do sgríoḃ an leaḃar.”