gaċ fear de’n ċuid eile aċ pé arm ba ṫúisge ċuige, gaṫ beag fiaiġ, nú sleaġ. Ní raiḃ agá lán acu aċ bataí bioruiġṫe.
Nuair a ṫáinig Antónius agus arm an stáit do ċrom Catilína ar ġluaiseaċt ameasg na gcnoc. Ḃíoḋ a ċamṫa aige ’á ḃreiṫ i dtreó na Róṁa tamal agus tamal eile i dtreó na Gaillia; agus ní ṫaḃarfaḋ sé caoi ar ċaṫ d’á naṁaid. Ḃí súil aige nár ḃ’ḟada go mbeaḋ san aige féin dá gcuireaḋ a ċáirde sa Róiṁ ċun cinn na neiṫe a ḃí beartuiġṫe. I gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin ḃí an daor-aicme ag teaċt ċuige ’n-a slóiġtiḃ aċ ní ġlacfaḋ sé iad. Ċeap sé go raiḃ gustal na cóṁċeilge láidir a ḋóṫain; agus d’á éaġmuis sin do ṫuig sé go mbeaḋ sé bun os cionn leis an inntinn a ḃí aige páirt do ṫaḃairt do ḋaoraiḃ a ḃí ar teiċe i ngnó saor-aicme na Róṁa.
LVII. Aċ nuair a ṫáinig sa longṗort teaċtaire ó’n Róiṁ ’ġá innsint go raiḃ sgéiḋte ar an gcóṁċeilg agus go raiḃ Lentulus agus Cetégus agus an ċuid eile acu, mar a h-innseaḋ ṫuas, curṫa ċun báis do ṫosnuiġ a lán de’n ṁuinntir a ṫáinig ċuige le dúil i ḃfoġail, nú, ag súil le h-aṫaraċ beaṫa, ar ṡleaṁnú uaiḋ. Do ṡeól sé leis an ċuid eile acu, tre sna cnocaiḃ aċranaċa, ag siuḃal go dian, isteaċ i gcríċ Ṗistórium, ag braṫ air go ḃféadfaḋ sé eulóḋ fan na gcosán isteaċ sa Gaillia. Aċ ḃí Metellus Celer i gcríċ Ṗicénum agus trí légióna aige agus do ṫuig sé i n’aigne, ó’n bpúnc ’n-a raiḃ Catilína, go ndéanfaḋ díreaċ an rud san a duḃraḋ. Ċóṁ luaṫ, mar sin, agus fuair sé amaċ ó luċt teiċe an treó ’n-a raiḃ Catilína ag gaḃáil, do ġluais sé go h-oban agus ṫáinig sé ag bun na gcnoc,