h-aimsire sin. Duḃairt sé leis na tríumviriḃ na neiṫe d’ullṁu a ḃí riaċtanaċ ċun an ṗionóis. Do riaruiġ se féin na gárdaí armṫa agus do rug sé Lentulus leis agus ċuir sé sa ċarcair é. Ḋein na praetóirí an rud céadna leis an gcuid eile.
Tá áit sa ċarcair agus an Tulliánum a tugtar air, nuair a raġfá síos beagán i leiṫ do láṁa cle, tímpal ḋá ṫroig déag fé ṫalaṁ. Tá fallaí cloiċe ’n-a ṫímpal ar gaċ aon taoḃ, agus fraiġ lastuas air, dúnta isteaċ le stuagaiḃ cloċ. Áit uaṫḃásaċ iseaḋ é; áit ġrána, ḟuaṫmar, ḋorċa, agus droċ ḃaluiṫ aníos as. Nuair a cuireaḋ Lentulus síos sa n-áit sin ṫáinig an luċt díoltais, fé mara ḃí órduiġṫe ḋóiḃ, agus do ḃriseadar a ṁuineál le téid. Sin mar a fuair an duin’uasal san, duin’uasal a ṡíolraiḋ ó ṡlioċt oirḋeirc na gCornéleaċ agus a ḃí tar éis réime na Consul- aċta ḃeiṫ aige i geaṫair na Róṁa, sin mar a fuair sé an bás a ṫuill a ḃeaṫa agus a ġníoṁarṫa ḋó. Do deineaḋ díoltas ar an gcuma gcéadna ar Ċetégus agus ar Statilius agus ar Ġabinius agus ar Ċaeparius.
LVI. An ḟaid a ḃí an meid sin ag dul ċun cinn sa Róiṁ do ċúm Catilína as a raiḃ de ṡluaġ aige fem, i dteannta a raiḃ ag Manlius, ḋá legió. Do líon sé na cóhuirt do réir uiṁire na ḃfear. ’N-a ḋiaiḋ san, fé mar a ṫáinig fir ċuige isteaċ, cuid d’á ċáirdiḃ nú daoine ar a dtoil féin, do roinn sé iad ar na buiḋniḃ do réir mar ba ġáḋ. ar an gcuma san níor ḃ’ḟada go raiḃ an líon ceart fear aige in sna légióniḃ, bíoḋ ná raiḃ ar dtúis aige aċ ḋá ṁíle fear. Aċ ar an sluaġ go léir ní raiḃ aċ an ceaṫrṁaḋ fear, nú mar sin, go raiḃ arm míleata acu. Ní raiḃ ag